Access Keys:

 
 
Skerries Educate Together NS, Skerries, Co. Dublin

Seachtain na Gaeilge 2024

15th Mar 2024

Bhain gach éinne spraoi as na h-imeachtaí éagsúla i rith Seachtain na Gaeilge. Ar an Luan, tháinig duine speisialta ar cuairt chun an bratach na hÉireann a ardú. Bhí sceitimíní ar na páistí nuair a tháinig Paul ar scoil. Is Sáirsint Complachta é. Chan muid "Amhrán na bhFiann" dó agus thug sé óráid bhreá os comhair na h-ardranganna.

Ar an Mháirt, bhí feis beag ann sa halla. Ghlac roinnt daltaí páirt chun rince Gaelach a léiriú. Bhí na páistí ar bís agus bhain gach duine sult as an taispeántais.

I measc na h-imeachtaí bhí Tráth na gCeist, comórtas ealaíne, seanfhocail an lae agus rabhlóg an lae. Bhailigh na páistí “cárta glas” i rith an tseachtain. Fuair siad na cártaí ó mhúinteoirí mar gheall a bheith ag déanamh an-iarracht an gaeilge a labhairt taobh amuigh sa clós.

Ar an Aoine, bhí gach duine gléasta suas i nglas mar bhí céilí mór againn sa halla. Chomh maith leis sin, bhí tionóil againn le rang a cúig agus thaispeáin siad dráma dúinn. Comhghairdeachas rang a cúig, bhain na páistí an-taitneamh as!